
Fuair Damhliag a hainm ón téarma ‘daimh liag’, a chiallaíonn teach cloch agus a thagraíonn d’eaglais chloch luath, Eaglais Naomh Cianan, a bhfuil a fothracha fós le feiceáil i nDamhliag inniu. Ceapadh Conair Oidhreachta Dhamhliag mar shraith de chlocha cora tríd an sráidbhaile agus trína stair fhada agus éagsúil.
Ba lonnaíocht mhainistreach luath-Chríostaí a bhí ann ar dtús. Bhunaigh Naomh Pádraig easpagóideacht anseo thart ar 450 RC, agus chuir sé faoi chúram Naomh Cianan é an 24 Samhain, 489.
Rinne na Normannaigh an áit a shlad roinnt uaireanta idir 830 agus 1149 agus d’fhoghlaigh na hAngla-Normannaigh í chomh maith in 1171. In Aibreán 1014 bhí corp Bhrian Bóirmhe agus corp a mhic ina luí faoi ghradam Stáit i nDamhliag ar a mbealach chuig Ard Mhacha.
Sa 12ú haois rinneadh an mhainistir bhunaidh a atógáil mar Mhainistir Mhuire. Rinne Hugh de Lacy, a bhí ina chéad ardtiarna Angla-Normanach ar Chontae na Mí, mainéar a bhunú i nDamhliag agus thóg sé caisleán le móta ann. Rinne sé Eaglais Naomh Cianan, mar aon le tailte áirithe, a bhronnadh ar na hAgaistínigh thart ar an mbliain 1180. Tá cill na heaglaise de chuid Eaglais na hÉireann, nach bhfuil in úsáid a thuilleadh, ina cuid de shuíomh na mainistreach luaithe.
Is comharthaí meabhrúcháin iad na ceithre chros sa sráidbhaile agus an crann teile ar fhaiche na sráidbhaile ar na naisc a bhí ag Damhliag leis an gcogadh idir Liam agus Séamus agus le corraíl níos faide anonn san Eoraip le linn ré Louis XIV na Fraince.
Ar ábhar níos rómánsaí agus níos eachtrúla, tá baint ag Damhliag le foghlaí bóthair amhail Robin Hood, ar ar tugadh ‘Collier an Gadaí’, a bhain úsáid as Coimín Dhamhliag mar bhunáit chun robáil a dhéanamh ó na cóistí scítheanna a bhíodh ag gabháil thart. Seachas a bheith ina chró folaigh do ghadaithe, tá cáil ar an gCoimín as a chuid flora agus fauna agus as gníomhaíocht na n-éan fiáin ann.
Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as taisteal trí Dhamhliag an lae inniu, trí na clocha cora a leanúint lena léirítear Oidhreacht Dhamhliag.