Tionscal na Fíodóireachta: Thug na hÚgónaigh tionscal na fíodóireachta chuig Damhliag sa 17ú haois. Thóg siad a gcuid tithe i sraitheanna le idir 10 agus 25 ar an dá thaobh de lána cúng. Rinne na ceardaithe a seolta láimhe féin ó adhmad áitiúil. Bhí thart ar 250 teaghlach páirteach i dtionscal na fíodóireachta i nDamhliag sular tháinig galseolta chuig an gceantar. Bhídís ag obair go déanach istoíche le solas ó choinnle luachra is geire, agus ba iad muintir Stapleton a rinne na coinnle sin i bhfothracha Eaglais Naomh Cianan.
Thógtaí thart ar choicís ar na fíodóirí sin cúig shlat is fiche d’éadach a dhéanamh agus dhíoltaí é ina dhiaidh sin i Halla an Línéadaigh i nDroichead Átha. Rinne na fíodóirí an olann agus snáithín an línéadaigh a dhathú chomh maith agus ba é teach Wherty an teach dathaithe deireanach a bhí sa cheantar. Is uaidh sin a fuair Lána Wherty a ainm. I 1904, ba é James Kelly an chéad fhíodóir, agus an t-aon fhíodóir, a thug seolta cumhachta go Damhliag.
Tionscal na dTorthaí: Bhí tionscal táirgthe torthaí lonnaithe i gceantar Shráid Larrix agus Gheata an Rí i nDamhliag chomh maith. Cuireadh tús leis sin sa cheantar thart ar chasadh na 18ú haoise.
Tugadh plandálacha ar na feirmeacha torthaí aonair agus thug muintir Dhamhliag cuairt ar Blairgowrie in Albain tar éis dóibh an tionscal a thosú ina gceantar féin. Bhí an tionscal faoi lánbhorradh suas go dtí an dara cogadh domhanda agus le linn na tréimhse sin, tráth a raibh Damhliag agus an ceantar mórthimpeall mar an áit táirgthe torthaí is fearr in Éirinn. Fós sa lá atá inniu ann, coinníonn líon beag táirgeoirí, amhail Jim Conlon, Jim Curley agus P. McCabe, an traidisiún ar bun i gceantar Shráid Larrix agus Gheata an Rí.
