An Crann Teile
Stop 04 of 13

 

Ghlac Liam Oráiste agus Máire coróin Shasana i 1698, in áit an Rí Séamus II a fuair tearmann lena chomhghuaillí agus a urra Louis XIV na Fraince. Tháinig an teannas idir Liam agus Séamus chuig buaicphointe ag Cath na Bóinne i gContae na Mí i 1690, áit a bhfuair Liam an bua ar Shéamus.

Bhí coilíneacht mhór Úgónach (Protastúnaigh Fhrancacha) i nDamhliag ag an am sin a bhí tar éis teitheadh ó ghéarleanúint sa Fhrainc. Tar éis Chath na Bóinne rinne lucht Dhamhliag dhá chrann óga a bhí fite fuaite le chéile a chur sa talamh. Bhí ceann díobh ina fhuinseog (crann dúchasach sna hoileáin seo) agus an ceann eile ina chrann teile (a bhí eachtrannach agus andúchasach) mar léiriú ar Mháire agus Liam. Bhí an fhuinseog fós beo in 1849 agus rinne Sir William Wade tagairt di tar éis dó cuairt a thabhairt ar Dhamhliag. Níor fhan sí beo le cuimhne na ndaoine áfach. Tá an crann teile, lena ndearnadh Liam a léiriú, fós ina sheasamh agus is é an crann teile is mó agus is sine in Éirinn. Tá an eang ina raibh an fhuinseog leabaithe fós le feiceáil go soiléir ar an taobh thuaidh de.