Coimín Dhamhliag
Stop 10 of 13

 

Tá an Coimín roinnte ina dhá limistéar ar leith ag bearnas leathan. Tá an chéad limistéar, atá thart ar chéad acra, ó thuaidh díreach ón sráidbhaile agus tugtar an Coimín Thoir nó an Eis-Choimín ar an dara limistéar, atá i bhfad níos lú. Tá a lán de shráidbhaile Dhamhliag suite i mbaile fearainn an Choimín. Bíonn spéis faoi leith sa talamh ann, atá riascach den chuid is mó, mar tá éagsúlacht mhór de speicis plandaí agus éin fhiáine ann. Bhíodh cearta ag na daoine áitiúla go traidisiúnta a gcuid ainmhithe agus géanna a chur ar féarach ann.

Ritheann Abhainn Paramadda, a éiríonn i bportach Bhaile Thomáis, tríd an sráidbhaile agus trí thuaisceart an Choimín isteach in Abhainn na hAiní ag Droichead Dhamhliag díreach ó dheas ón sráidbhaile. Collier an Gadaí Tá baint idir an Coimín agus Collier an Gadaí, foghlaí bóthair líomhnaithe, a raibh cáil mhór air i dtús na 19ú haoise. Ba dhuine cosúil le Robin Hood a bhí ann, a rugadh i mBaile an Bheileogaigh i 1780 agus bhain sé leas as an gCoimín mar chró folaigh uaireanta. Deirtear sa bhéaloideas gur chuaigh sé go dtí bainis sa cheantar nuair a bhí praghas ar a cheann. Ba é a chéad ghníomh coiriúil ná cabhrú le bean óg a hathair agus a triúr deartháireacha a scaoileadh, ar gabhadh iad as capall a ghoid. Bhog sé ar aghaidh uaidh sin go dtí goid ón gcóiste poist. Ba bheag nár crochadh é ach tógadh chuig an Astráil é ina ionad sin. Tá a lán béaloidis ann faoi Collier.