Ba é an Breitheamh Stephen Trotter, a bhí ina Theachta Parlaiminte ar son an cheantair ag Westminster, a thóg Teach Dhamhliag san 18ú haois. Ba é a phríomháit chónaithe. Deirtear gurb iad atá i leaca fuinneoige an tí ná clocha cinn foghlaithe ó mhanaigh sna haoiseanna roimhe sin. Tá dealbh den Bhreitheamh Trotter (TP) ag an Dlí-Chumann, Plás Blackhall, Baile Átha Cliath. Ba é an dealbhóir Pléimeannach Peter Scheemakers a rinne an dealbh sin. Bhí sé ag seasamh i bpóirse na heaglaise de chuid Eaglais na hÉireann tráth ach baineadh amach é, lena chosaint, nuair a bhí an eaglais sin á díchoisreacan. Rinne Comhairle Oidhreachta na hÉireann athchóiriú na deilbhe a choimisiúnú.
Gráinseach Mhainistreach Naomh Mícheál Bhunaigh Walter de Lacey an ghráinseach nó an fheirm mhainéir seo mar chill dá máthairtheach ag Llanthony Secunda ag Monmouthshire. Ghníomhaigh sí go neamhspleách ó údaráis shibhialta agus reiligiúnacha na hÉireann, d’fhan siad dílis do Llanthony Secunda amháin. Tá cur síos mionsonraithe ar na foirgnimh a bhí ar an suíomh le fáil i gciclipéidí Llanthony. Níl ach Eaglais Naomh Mícheál agus an ardchros le feiceáil anois.
Caisleán Áth Carn Tá fothracha Chaisleán Áth Carn thart ar mhíle thuas an abhainn ó Shruthán Anna, ar bhruach Abhainn an Chamáin (atá ina fo-abhainn den Ainí). Fuair Coimisiún na Talún an chuid is mó den talamh ann sna 1930í agus roinneadh suas é. Choinnigh James Gernon an caisleán agus mheall sé lucht na háite le scéalta faoi fhuadar óir an Klondike. Ba é an duine deireanach a chónaigh sa chaisleán agus leagadh cuid de sna 1950í.
Tá radharc iontach lánléargais ar Chaisleán Áth Carn agus ar dhúiche Oirthear na Mí agus Chontae Lú ó láthair amhairc atá thart ar 200 slat os cion Chros Bhaile na hAbhann ar bhóthar Ard Cath.
Séadchomhartha i gcuimhne na gCraipithe Le linn éirí amach 1798, bhí roinnt ceannairceach ó Loch Garman a thaistil go Teamhair ag gabháil ón scirmis ann chun dul in éineacht leis na hÉireannaigh Aontaithe i gContae an Dúin. Agus iad ag máirseáil ó Theamhair go dtí Droichead Átha stop siad chun sos a ghlacadh ag Na Deens agus chuaigh siad go dtí teach feirmeora (ina bhfuil muintir McGrane faoi láthair), áit ar ligeadh dóibh codladh i lochta sa chlós feirme. Nuair a tháinig na gíománaigh sa tóir orthu, líomhnaítear gur chaoch bean chéile an fheirmeora a súil i dtreo an sciobóil. Bhrúigh na gíománaigh a gclaimhte trí na cleitheanna agus fuair siad na ceannaircigh agus cuireadh chun báis iad. Tá séadchomhartha i gcuimhne orthu curtha suas ag Na Deens, taobh leis an mbóthar go dtí Caisleán Áth Carn agus thart ar dhá mhíle ó Dhamhliag.
