Thóg John Trotter Teach Cúirte Dhamhliag in 1838 mar theach seisiún d’Ard-Ghiúiré na Mí. Ba é Francis Johnston a dhear é. Is iad na príomhghnéithe ailtireachta atá le feiceáil ann ná an imchásáil agus an fanléas i stíl Dhórach, an peidiméid sceimhle simplithe agus na clocha coirnéil. Bhí an foirgneamh in úsáid mar theach cúirte go dtí 1960, nuair a rinneadh é a athchóiriú ina leabharlann agus ina oifigí comhshaoil. Ba é an giúistís is mó cáil a bhí ann ná an Breitheamh Stephen Trotter, a bhí freagrach as tógáil Theach Dhamhliag.
