Teach Cóiste nó ‘Na Foirgnimh’
Stop 13 of 13

 

Tógadh an teach ar bhóthar Chill Dhéagláin-Dhroichead Átha ag deireadh an chabhsa i nDamhliag mar theach cóiste/oifig an phoist ar dtús agus tá sé ann ó thart ar 1800. Is ansin a ndearnadh capaill an chóiste a athrú ar an mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste. Thaistil an cóiste ó Ard Cath thar an gcabhsa go dtí Damhliag sular chuaigh sé ar aghaidh go Droichead Átha. Deirtear go raibh an cnoc ag teacht anuas ó Áth Cath go dtí an Teach Cóiste ina rogha pointe robála do Chollier an Gadaí.  Tá radharc an-deas ar Theach Dhamhliag ón Teach Cóiste trasna na habhann.

Cros Bathe-Dowdall Tá an dara cros Bathe-Dowdall suite os comhair gheataí Shruthán Anna. Ba í Janet Dowdall a chuir ann í, a bhí ina bean chéile le William Bathe ó Áth Carn a fuair bás an 25 Deireadh Fómhair, 1599 agus atá curtha sa seanreilig i nDamhliag.

Sruthán Anna

Thart ar dhá mhíle ó shráidbhaile Dhamhliag ar feadh bhóthar Dhroichead Átha/Chill Dhéagláin tá seanteach álainn ar a dtugtar Sruthán Anna, atá ina theach cónaithe príobháideach anois. Tá radharc álainn uaidh ar Abhainn na hAiní agus ar an dúiche mórthimpeall. Gné shuimiúil is ea an geata isteach, atá suite i mbealach áirseach cloch a bhfuil cistin an gheatóra ar thaobh amháin de agus a sheomra codlata ar an taobh eile de. Tugann muintir na háite Na Pócaí air. Ba onóir mhór é do Shruthán Anna gur thug an Rí Seoirse IV cuairt air in 1821. Cuireadh póirseáid agus halla bia leis an teach in onóir do chuairt an Rí. Dhiúltaigh an Rí dul isteach san halla nua áfach, b’fhearr leis ithe lasmuigh. Thug William M. Thackeray cuairt ar an gceantar in 1842 agus dúradh go raibh sé an-tógtha le Sruthán Anna. Díreach thar an gclaí uaidh tá baile fearainn Keenogue agus is ansin a rugadh Naomh Cianan, atá mar phátrún Dhamhliag. Ba é an chéad Easpag a choisric Naomh Pádraig. Tá tobar Naomh Cianan fós le feiceáil san áit sin. Fuarthas láthair adhlactha ón gCré-umhaois i ngar dó i 1930. Cuireadh dáta thart ar 1800 RC leis an láthair. Tógadh déantáin uaidh go dtí an Ard-Mhúsaem agus tá siad ar taispeáint ann.