Chuir William Moore, a bhí ina úinéir talún saibhir ó Bhaile Uí Dhubháin, Cros Berford suas i gcuimhne ar a bhean chéile Thomasina Berford, a fuair bás an 17 Nollaig, 1635. Déantar tagairt di i Stair Dheoise na Mí le Dean Cogan ón 19ú haois. Tá seanchros Éireannach sa reilig agus tá ceann eile sa bhaile mór ar a bhfuil an méid a leanas scríofa “Pray for the soul of Thomasina Berford wife unto William Moore of Downstown, who died December 17th, 1635. Bhí an cros sin ina seasamh ar thaobh bhóthar Bhaile Uí Dhubháin go dtí go raibh feabhsuithe bóthair á ndéanamh idir 1740-1760. Bogadh í go cill Dhamhliag agus é de rún í a chur os cionn uaigh ainmnithe. Mhol an t-airíoch go ndiúltófaí é sin a dhéanamh áfach agus ar deireadh cuireadh an chros taobh thiar den Teach Cúirte agus d’éirigh sí foirgthe le fiailí. Bogadh arís í in 1867 go dtí binn thiar na hEaglaise Caitlicí agus fágadh ansin í go dtí 1961 nuair a d’aithin an tAthair Cuffe gurb í an chros a ndearna Dean Cogan tagairt di san aois roimhe sin. In 1891 bogadh í go dtí an áit ina bhfuil sí anois ar an taobh thoir de shráidbhaile Dhamhliag ag Cnocán an Mhuilinn. Agus is mar sin a thagann deireadh le haistear a thosaigh 350 bliain ó shin, scéal ina raibh cur suas, faillí, cailleadh, dearmad agus ar deireadh athaimsiú.
