Is é an droichead is sine an ceann ina bhfuil trí áirse, atá laisteas den droichead nua-aoiseach. Tógadh an droichead nua-aoiseach seo i 1954 tar éis droch-thuilte, in ionad ceann a bhí ann roimhe sin a tógadh in 1884. Tagraítear don droichead le trí áirse i rollaí reachta 1459 agus tugadh Droichead Maudelynes air. Is cosúil gur tógadh é thart ar 1200 agus rinne muintir Bathe-Dowdall athchóiriú air i 1587. Tá plaic ar an droichead chun an ócáid sin a chomóradh ar a bhfuil an méid a leanas scríofa:
“This Bridge with the Causies were repaired and built by William Bath of Athcarne justice and Janet Dowdal his wife in the year of our Lord 1587, “who soules God take to hos mercie. Amen”
Tá dhá áirse forsceite sa chabhsa, atá suite soir ó Dhroichead Maudlin agus lena gcruthaítear tríú droichead ar leithligh.
Suíomh Chath na Bóinne
Ba i ngar do Dhroichead na hAiní a tharla an comhrac deireanach de Chath na Bóinne i 1690. Bhí na Seacaibítigh tar éis na cúig chanóin a bhí fágtha acu a chur ar an talamh ard os a chomhair (Cnoc Baw) agus rinne siad iarracht dul chun cinn na nUilliamaíteach a mhaolú agus iad ag iarraidh an droichead cúng thar an Ainí a thrasnú. Ní raibh siad ábalta taisteal sa cheantar mórthimpeall mar bhí an talamh róbhog. D’éirigh leis na hUilliamaítigh trasnú ar deireadh agus lean siad na Seacaibítigh chomh fada leis an Aill.
